Príomh-Roghchlár (brúigh 'Iontráil')
Rochtain ar inneachar an leathanaigh (brúigh 'Iontráil')
Rochtain dhíreach ar liosta de láithreáin ghréasáin eile (brúigh 'Iontráil')

Toghcháin Eorpacha 2014

Na táirgí is deireanaí  
  • Bhí sé difriúil an uair seo: súil siar ar thoghcháin na Bealtaine
    Mac léinn ón Aithin, ailtire tírdhreacha ó na hOileáin Chanáracha, máthair beirte ó Bhaile Átha Cliath agus feirmeoir Pléimeannach: cuid de na milliúin Eorpach a chaith a vótaí i dtoghcháin na Bealtaine agus a roinn a dtuairimí faoi thodhchaí na hEorpa linn. Caith súil siar ar a scéalta anseo agus faigh amach cén fáth go gceapann siad go raibh sé tábhachtach páirt a ghlacadh sna toghcháin.
     Ábhar léitheoireachta: Bhí sé difriúil an uair seo: súil siar ar thoghcháin na Bealtaine 
  • Conas a thoghtar coimisinéirí ionaid?
    Toghadh ceathrar coimisinéirí ina bhfeisirí Eorpacha i dtoghcháin na Bealtaine. Thug an Pharlaimint a toiliú an 16 Iúil le ceapadh na gcoimisinéirí ionaid. An 14 Iúil bhí ar na coimisinéirí ainmnithe teacht os comhair na gcoistí atá freagrach as an réimse freagrachta a bheidh acu. Beidh an ceathrar acu ina gcoimisinéirí go dtí go dtiocfaidh sainordú an Choimisiúin reatha chun críche i mí na Samhna. Tuilleadh faoin bpróiseas sa ghrafaic faisnéise anseo.
     Ábhar léitheoireachta: Conas a thoghtar coimisinéirí ionaid? 
  • Mar a thoghtar uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh
    Toghfar uachtarán nua an Choimisiúin Eorpaigh ag 12.30 an 15 Iúil. D'ainmnigh ceannairí stáit agus rialtais an AE Jean-Claude Juncker d'uachtaránacht an Choimisiúin le linn cruinnithe de chuid na Comhairle Eorpaí a tionóladh tar éis na dtoghchán Eorpach. Ní mór dó tacaíocht na Parlaiminte a fháil inniu. Caith súil ar an ngrafaic faisnéise thuas chun tuilleadh a fhoghlaim faoin bpróiseas. Beidh beoshruth le fáil den vóta sa Pharlaimint chomh maith.
     Ábhar léitheoireachta: Mar a thoghtar uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh 
  • Jean-Claude Juncker le teacht os comhair na Parlaiminte
    An tseachtain seo caite bhí deis ag grúpaí polaitiúla Pharlaimint na hEorpa ceisteanna a chur ar Jean-Claude Juncker, uachtarán ainmnithe an Choimisiúin Eorpaigh. D'ainmnigh ceannairí stáit agus rialtais an AE Juncker d'uachtaránacht an Choimisiúin le linn cruinnithe de chuid na Comhairle Eorpaí a tionóladh an 27 Meitheamh. Ní mór dó tacaíocht na Parlaiminte a fháil anois agus déanfaidh feisirí vótáil ag 12.30 an 15 Iúil i dtaobh an dtugann siad a dtoiliú le ceapadh Juncker.
     Ábhar léitheoireachta: Jean-Claude Juncker le teacht os comhair na Parlaiminte 
  • Diancheistiú i ndán do cheathrar coimisinéirí nua
    Toghadh ceathrar coimisinéirí ina bhfeisirí Eorpacha i dtoghcháin na Bealtaine. Beidh deis inniu ag feisirí ceisteanna a chur ar na daoine a bheidh ag teacht in ionad an cheathrair sin. Beidh ar na coimisinéirí ainmnithe teacht os comhair na gcoistí atá freagrach as an réimse freagrachta a bheidh acu. Déanfaidh na hiarrthóirí óráid ghearr agus beidh beoshruth den éisteacht le fáil ar líne. Déanfaidh feisirí vótáil an 16 Iúil i dtaobh an dtugann siad a dtoiliú le ceapadh na gcoimisinéirí.
     Ábhar léitheoireachta: Diancheistiú i ndán do cheathrar coimisinéirí nua  
Social feeds  
Parlaimint na hEorpa EP Twitter (An leagan is deireanaí: 31-07-2014 - 10:15)
 
 
Parlaimint na hEorpa  Flickr
 
Parlaimint na hEorpa  YouTube
 
   
   
An nós imeachta maidir le hinstitiúidí nua a chur ar bun
 
 
 
 
 
 
 
 
Grúpaí polaitiúla