Príomh-Roghchlár (brúigh 'Iontráil')
Rochtain ar inneachar an leathanaigh (brúigh 'Iontráil')
Rochtain dhíreach ar liosta de láithreáin ghréasáin eile (brúigh 'Iontráil')

Toghcháin Eorpacha 2014

Na táirgí is deireanaí  
  • An Coimisiún nua: vóta insealbhaithe ar siúl sa Pharlaimint inniu
    Déanfaidh Jean-Claude Juncker a choimisinéirí a chur i láthair le linn seisiúin iomlánaigh de chuid na Parlaiminte inniu. Beidh deis ag feisirí Eorpacha a gcuid tuairimí a chur in iúl faoina fhoireann agus a thosaíochtaí do na cúig bliana atá amach romhainn. Ansin beidh an vóta insealbhaithe ar siúl. Bhí deis ag feisirí saineolas agus cumas na gcoimisinéirí ainmnithe a scrúdú cheana féin, agus beidh an focal scoir ag an bParlaimint inniu. Is féidir amharc ar na himeachtaí ar ár suíomh gréasáin.
     Ábhar léitheoireachta: An Coimisiún nua: vóta insealbhaithe ar siúl sa Pharlaimint inniu 
  • Éisteachtaí an lae inniu: Maroš Šefčovič agus Violeta Bulc
    Cuireadh tús le héisteachtaí na gcoimisinéirí an 29 Meán Fómhair agus tionólfar éisteachtaí breise i Strasbourg inniu. Beidh deis ag feisirí Eorpacha saineolas agus cumas Maroš Šefčovič agus Violeta Bulc a scrúdú sa Pharlaimint. Ainmníodh Šefčovič mar an leas-uachtarán um aontas fuinnimh. Ainmníodh Bulc in ionad Alenka Bratušek mar choimisinéir na Slóivéine. Ainmníodh mar choimisinéir iompair í.
     Ábhar léitheoireachta: Éisteachtaí an lae inniu: Maroš Šefčovič agus Violeta Bulc 
  • Éisteachtaí na gcoimisinéirí ag teacht chun críche
    Le cúpla seachtain anuas bhí ar na coimisinéirí ainmnithe teacht os comhair na gcoistí parlaiminteacha cuí de réir na réimsí freagrachta a bheidh acu. Beidh éisteachtaí breise ar siúl i Strasbourg an 20 Deireadh Fómhair mar bhí ar Jean-Claude Juncker iarrthóir a ionadú. Beidh deis ag feisirí saineolas agus cumas Maroš Šefčovič agus Violeta Bulc a scrúdú. Déanfaidh feisirí vótáil an 22 Deireadh Fómhair i dtaobh an dtugann siad nó nach dtugann siad a dtoiliú le ceapadh an Choimisiúin.
     Ábhar léitheoireachta: Éisteachtaí na gcoimisinéirí ag teacht chun críche 
  • Éisteachtaí an lae inniu: Jyrki Katainen, Frans Timmermans agus Jonathan Hill
    Cuireadh tús le héisteachtaí na gcoimisinéirí an 29 Meán Fómhair. Inniu beidh deis ag feisirí Eorpacha saineolas agus cumas na leas-uachtarán Jyrki Katainen agus Frans Timmermans a scrúdú sa Pharlaimint. Beidh ar Katainen teacht os comhair na gcoistí parlaiminteacha cuí de réir na réimsí freagrachta a bheidh aige. Cuirfear ceisteanna ar Timmermans ag cruinniú oscailte de Chomhdháil na nUachtarán, agus tionólfar éisteacht bhreise d'iarrthóir na Ríochta Aontaithe Jonathan Hill chomh maith.
     Ábhar léitheoireachta: Éisteachtaí an lae inniu: Jyrki Katainen, Frans Timmermans agus Jonathan Hill 
  • Éisteachtaí an lae inniu: Alenka Bratušek, Valdis Dombrovskis, Andrus Ansip agus Federica Mogherini
    Cuireadh tús le héisteachtaí na gcoimisinéirí an 29 Meán Fómhair. Inniu beidh deis ag feisirí saineolas agus cumas cheathrar leas-uachtarán - an t-ardionadaí Mogherini san áireamh - a scrúdú sa Pharlaimint. Beidh ar an gceathrar acu teacht os comhair na gcoistí parlaiminteacha cuí de réir na réimsí freagrachta a bheidh acu agus beidh na héisteachtaí ar siúl ar feadh trí huaire a chloig. Tuilleadh faisnéise anseo.
     Ábhar léitheoireachta: Éisteachtaí an lae inniu: Alenka Bratušek, Valdis Dombrovskis, Andrus Ansip agus Federica Mogherini 
Social feeds  
Parlaimint na hEorpa EP Twitter (An leagan is deireanaí: 22-10-2014 - 12:50)
 
 
Parlaimint na hEorpa  Flickr
 
Parlaimint na hEorpa  YouTube
 
   
   
An nós imeachta maidir le hinstitiúidí nua a chur ar bun